Ráiteas Straitéise 2005 - 2007
Planning Unit: Our Role | Our Work | Publications and Files | Contact Us
Réamhrá leis an Ard-Rúnaí
Tá deiseanna agus dúshláin mhóra i ndán d'Éirinn amach anseo. Mar thoradh ar an rath a bhí ar an tír le blianta beaga anuas, ar an bhfás gasta a tháinig ar an ngeilleagar, ar an méadú as cuimse ar an lucht oibre agus ar an ísliú ar an ráta dífhostaíochta (ráta nach bhfuil a mhacasamhail ann) táimid anois i bhfad chun tosaigh ar na náisiúin atá in iomaíocht linn. Caithfimid tógáil air sin anois agus é a chothú. Tá ról lárnach ag an Roinn seo fás leanúnach an náisiúin a chinntiú, agus rathúnas na todhchaí a chosaint.
Mar phríomh-Roinn eacnamaíoch, ag obair lenár ngníomhaireachtaí agus lenár n-oifigí reachtúla, tá sé ar ár gcumas dul i bhfeidhm go fabhrach ar fheidhmíocht an náisiúin. Beidh an ráiteas straitéise seo mar threoir dúinn don chéad trí bliana eile i ngach réimse faoinár gcúram, idir chearta fostaíochta agus chearta tomhaltóirí, pholasaí iomaíochta agus pholasaí fiontar, idir eolaíocht, teicneolaíocht & nuálaíocht agus forbairt ar an margadh fostaíochta. Déanann sé mionscrúdú ar an timpeallacht ina bhfeidhmímid, aon bhagairt ar ár rathúlacht san áireamh, agus tabharfaimid aghaidh ar an todhchaí agus muid go hiomlán in iúl ar ár staid reatha agus ar a bhfuil i ndán dúinn.Ag eascairt as ár ráiteas misin, sonraíonn an straitéis seo na tosaíochtaí, na spriocanna agus na cuspóirí againn, mar aon leis na bearta straitéiseacha atá ar intinn againn a chur i bhfeidhm d'fhonn na spriocanna sin a bhaint amach agus na táscairí a úsáidfimid chun an rathúlacht sin a mheas.
Is maith is eol dúinn na freagrachtaí atá orainn an tseirbhís is fearr a sholáthar don Rialtas, don phobal gnó agus do shaoránaigh. Táimid ag dréim le feabhas leanúnach a chur ar ár bpolasaithe agus ar ár gcleachtais. D'fháiltíomar I gcónaí roimh athruithe, agus roimh uaillmhianta chun barr ár gcumais a bhaint amach. Cuirimid na caighdeáin oibre is airde romhainn sa Roinn seo, mar go gcreidimid nach féidir caighdeáin feabhais a bhaint amach gan dul sa tóir orthu ó thús. D'éirigh linn dul i ngleic leis an dúshlán sin ar bhonn seasta go dtí seo, agus leanfaimid leis an iarracht sin. Caithfimid aghaidh a thabhairt ar dheiseanna inmheánacha agus seachtracha atá riachtanach agus ríthábhachtach, ina measc tá spriocanna Liospóin a réadú, iomaíochas náisiúnta a dhaingniú níos mó agus freastal ar na héilimh atá ann feabhas a chur ar rialú agus ar nuachóiriú leanúnach. Chomh maith leis sin caithfimid aghaidh a thabhairt ar an dúshlán atá romhainn tuairim is 300 post Roinne a dhílárú go Ceatharlach, ar an mbealach is lú a chuirfeadh isteach ar leanúnachas gnó, agus creat oibre i bhfeidhm a chinntíonn go bhfuil na daoine féin i lár an phróisis.
Tá an straitéis seo leagtha amach i gceithre ghallán agus léiríonn siad na príomh-fheidhmeanna straitéiseacha ag an Roinn: fiontar, nuálaíocht, dea-chaighdeáin oibre, rialú níos fearr agus seirbhísí custaiméara den scoth.
Chun ár misean a tabhairt chun críche, idirghníomhaíonn an Roinn le páirtithe leasmhara, ina measc tá na Páirtithe Sóisialta, Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí eile, an earnáil dheonach agus réimse leathan comhlachtaí idirnáisiúnta. Ionas go mbeadh rath ar an obair, is gá dúinn comhoibriú chun spriocanna uileghabhálacha agus trasfheidhmiúla a bhaint amach. Is deis agus dúshlán don Roinn é na naisc sin le páirtithe leasmhara a chothú agus a threisiú. Tá ár gcuid oibre go mór faoi anáil an Aontais Eorpaigh. De réir mar a thagann athrú ar chomhdhéanamh an Aontais, agus mar a dhéanfar forbairt ar an Aontas méadaithe, beidh tionchar aige ar ár modhanna oibre sa todhchaí.
Mar eagraíocht bímid de shíor ag cur lenár n-inniúlacht agus lenár scileanna. Don tríú bliain as a chéile rangaíodh an Roinn ar cheann den 50 cuideachta is fearr in Éirinn chun feidhmiú ann mar fhostaí. Bunaíodh torthaí an ghradaim ar shuirbhé I measc fostaithe na Roinne agus ar shuirbhé ar chultúr agus ar pholasaithe acmhainní daonna (AD) na Roinne, agus tugann an gradam aitheantas d'ard-chaighdeáin ar an láthair oibre.Táimid anois ar thús cadhnaíochta i measc fhostóirí na seirbhíse poiblí. Rinneamar dul chun cinn sa clár oibre um bhainistíocht athruithe - trí fhorbairt foirne, d'aistríomar ón mbainistíocht pearsanra go dtí an bhainistíocht AD atá níos straitéisí, chuireamar feabhas ar Bhainistíocht Airgeadais agus ar chórais TFC (Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide) agus chuireamar tionscnaimh ar bun don leasú rialaitheach. Léiríonn na bearta sin go bhfuilimid tiomanta foirfeacht a bhaint amach inár gcórais inmheánacha. Níl ach aon sprioc amháin ann i gcás na mbeart céanna - is é sin an tseirbhís chustaiméara is fearr agus is féidir a sholáthar.
D'fonn cur leis an rathúnas náisiúnta, caithfimid na gealltanais sa ráiteas straitéise seo a chomhlíonadh. Táim lán-mhuiníneach go mbeidh foireann na Roinne seo lánábalta dul i ngleic leis an dúshlán sin.
S. Gorman
Last modified: //
| © 2011 Department of Jobs, Enterprise and Innovation | Privacy Statement |