Comhairliúchán poiblí maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2023/2411 i dtaca le tásca geografacha a chosaint do tháirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha

Tá tuairimí na bpáirtithe leasmhara agus na ngeallsealbhóirí á lorg ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin i dtaca le tásca geografacha a chosaint do tháirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha.

Tháinig an rialachán i bhfeidhm ar an 16 Samhain 2023 agus tá dhá bhliain ag Éirinn chun an rialachán a chur chun feidhme agus creat dlíthiúil a chur i bhfeidhm i dtaca le tásca geografacha (TG) a chosaint do tháirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha.

Leagtar síos leis an reachtaíocht ceart nua maoine intleachtúla chun tásca geografacha a chosaint do tháirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus comhlánóidh sí an córas cosanta tásc geografach atá ann cheana do tháirgí talmhaíochta atá i bhfeidhm le blianta fada.

Leagtar amach sa pháipéar comhairliúcháin phoiblí seo:

  • cúlra Rialachán an AE maidir le cosaint TG do tháirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha
  • forbhreathnú ar phríomhghnéithe an chórais nua cosanta TG
  • ceisteanna sonracha chun bonn eolais a chur faoin obair atá le déanamh ag an Roinn maidir leis an gcaoi ar chóir d'Éirinn an rialachán a chur i bhfeidhm 

Aighneachtaí 

Iarrtar ar fhreagróirí a gcuid aighneachtaí a dhéanamh trí ríomhphost chuig trademarks@enterprise.gov.ie agus na freagraí a struchtúrú de réir na dteideal mar atá leagtha amach sa doiciméad comhairliúcháin. 

Dáta deiridh 

Is é 5pm an 17 Bealtaine 2024 an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí. 

Topics: Intellectual Property