Cé muid féin

Déaglán Ó hAodha

Déaglán Ó hAodha

Ard-Rúnaí

Mar Ard-Rúnaí, cuireann Déaglán Ó hAodha comhairle ar an Rialtas agus é i gceannas ar an roinn, a cuid oifigí agus gníomhaireachtaí, maidir le fostaíocht iomlán ardcháilíochta inbhuanaithe a chruthú; fiontraíocht a chur chun cinn, agus tacaíocht agus spreagadh a chur ar fáil do bhonn iomaíoch nuálach taighde agus fiontraíochta, idirphlé a dhéanamh ar chomhaontuithe idirnáisiúnta trádála, agus margaí agus fostaíocht iomaíoch chothrom a chur chun cinn.

Bhí Déaglán ina chomhalta Boird de chuid IDA Ireland, SFI agus Fiontraíocht Éireann. Bhí sé mar bhall den Chomhairle Iomaíochais Náisiúnta, Bord Eatramhach Athchóirithe an tSoláthair Phoiblí agus Coiste Feidhmiúchán Food Wise, agus bhí sé ina Chathaoirleach ar an gCoiste Ciste Nuálaíochta sna Teicneolaíochtaí Bunathraitheacha. Rinne sé seirbhís ar choistí AE agus ECFE.

Tháinig Déaglán isteach sa roinn in 2014 mar Rúnaí Cúnta, agus é i gceannas ar Rannán an Bheartais Straitéisigh, agus bhí an fhreagracht air ina dhiaidh sin as forbairt an bheartais agus na gclár cistithe don Infheistíocht Isteach agus an Nuálaíocht Fiontraíochta, agus na Rannáin a phléigh le Fiontraíocht Dúchais, GBManna, agus Fiontraíocht. Roimhe seo bhí sé ar Choiste Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta comhairlithe fiontraíochta, trádála, eolaíochta agus teicneolaíochta, Forfás. Bhí sé i gceannas ar thionscadail iomadúla náisiúnta agus réigiúnacha beartais agus cistithe, maidir le ríomhthráchtáil, straitéisí fiontair agus trádála, tús áite a thabhairt do scileanna agus taighde, pleananna fiontraíochta réigiúnacha, an Plean Gnímh do Phoist agus tacaíochtaí gnó le linn na Breatimeachta agus COVID-19.

Tá céim Bhaitsiléara sa Tráchtáil ag Déaglán agus tá céim Mháistreachta agus Dioplóma Iarchéime aige ó Scoil Ghnó Chéimithe Smurfit, COBÁC. Tá cláir feidhmiúcháin déanta aige i Scoil Ghnó Wharton, Institiúid Roffey Park agus an Singapore Civil Service College. Tá sé ina bhall de Bhord na Stiúrthóirí.